Dúirt Uachtarán Chónaidhm Iompróirí Bóthair na hÉireann go bhfuil ganntan mór sa tionscail maidir le tiománaithe trucaile dhe agus go dteastaíonn ar a laghad 3,000 breise láithreach.

Dúirt Eugene Drennan freisin go méadóidh sin go 5,000 faoi thús 2022.

'Ba mhór an feall é dá gcaillfeadh an tAontas Eorpach (EU) tiománaithe, agus iad imeacht chuig an Ríocht Aontaithe mar go mbeadh impleachtaí trimchúiseacha aige sin don tír s'againne' a dúirt sé.

Ag labhairt dó ar an gclár raidió de chuid RTÉ, 'News at One', dúirt an tUasal Drennan go bhfuil an baol mór ann go dtarlóidh sin a bhuíochas den ráta ard pá atá á thairiscint sa Bhreatain faoi láthair.

Dúirt sé freisin go bhfuil a lán páipéarachais agus rialacháin ag baint leis an tionscail anseo agus go bhfuil sé sin ag cothú a chuid deacrachtaí féin i dtaca le hearcú tiománaithe.