Ón tseachtain seo ar aghaidh tá liúntas breosla le fáil ag suas le 370,000 teaghlach ar fud an Stáit.

Íocfar an liúntas thar thréimhse 28 seachtainí.

€28 in aghaidh na seachtaine a bheidh le fáil ag an teaghlach nó 2 chnapshuim de €392 an ceann.

Dúírt an tAire Coimirce Sóisialta, Heather Humphreys gur thuig sí an bealach a raibh billí breosla ag ardú agus go gcaithfí an cúnamh seo a thabhairt do theaghlaigh áirithe.

Dúírt sí freisin go raibh costas an bhreosla ina dhlúthchuid den idirbheartaíocht atá ar bun ar mhaithe le Buiséad 2022 a chur i dtoll a chéile.

'Gheobhaidh gach dream a fuair an liúntas anuraidh an liúntas freisin i mbliana'a dúirt an tAire Humphreys.