Tá diúltaithe ag ceannaire Aontachtaithe Uladh Doug Beattie d'iarratas a rinne ceannaire an DUP Jeffrey Donaldson go ndéanfaí comhaontú idir na páirtithe Aontachtacha.

Bhí Jeffrey Donaldson ag trácht ar na toghcháin Comhthionóil a bheas ann i mí na Bealtaine seo chugainn.

D'iarr sé go ndéanfaí comhaontú lena chinntiú go dtoghfaí "an oiread baill tionóil atá ar shon an Aontais, agus in éadan an Phrótocail agus is féidir" agus a chuirfeadh iarrachtaí Shinn Féin a bheith ar an pháirtí is mó de dhroim seoil.

Dúirt ceannaire an DUP go gcreideann sé go dtiocfadh lena pháirtíse, an UUP agus an TUV oibriú i gcomhar le chéile le cúis na haontachta a dhéanamh tarraingteach do níos mó daoine.

"Tá sé mar chuspóir agam go mbeadh an DUP ar an pháirtí is láidre i ndiaidh an toghcháin, ach níl mé ag déanamh talamh slán de," a dúirt sé leis an Belfast Telegraph.

Léiríonn pobalbhreitheanna le déanaí go bhfuil tacaíocht an DUP ag dul chun gcúil go mór.

Cé go bhfuil seacht mí fágtha go gcaithfidh an pobal a vóta, d'fhéadfadh sé go mbeadh toghcháin ann níos luaithe má chloíonn an DUP lena mbagairt éirí as roinnt na cumhachta i Stormont, mura gcuirtear athruithe suntasacha ar Phrótacal Thuaisceart Éireann roimh dheireadh na míosa seo chugainn.

Dúirt ceannaire an UUP Doug Beattie go bhfuil a pháirtíse "sásta oibriú le duine ar bith ar mhaithe le leas phobal Thuaisceart Éireann - bíodh sin ar cheist mar bhochtanas i measc leanaí, tithíocht shóisialta, sláinte, oideachas agus cur chun cinn an Aontais féin."

Ach dúirt sé nach bhfuil gá le comhaontú idir na páirtithe le deireadh a chur leis an Phrótacal agus nach mbeidh "comhaontú ar bith ann."

"Tá muidinne mar pháirtí muiníneach as an teachtaireacht aontachtais atá againn, Is faoi dhaoine eile a fhiafraí an ar mhaithe le Aontachtas dearfach nó Aontachtas diúltach atá siad, ar mhaithe le fís atá dírithe ar an todhchaí atá siad nó ar fhís chosantaíoch, chúlánta arb í an chumhacht a haidhm agus atá dírithe ar iad féin a chaomhnú."

I bhfíseán a d'fhoilsigh sé ar na meáin shóisialta r maidin, cúirt ceannaire an TUV Jim Allister nach n-ainmneoidh a pháirtíse Leas-ChéadAire Aontachach go deo má tharlaíonn sé go mbeidh Sinn Féin ar an pháirtí is mó i ndiaidh an chéad toghcháin eile.

Caithfear CéadAire agus Leas-ChéadAire a cheapadh le go mbeidh de chumas na n-institiúidí agus comhoifig an Chéad Aire agus an Leas-ChéadAire feidhmniú.