Tuairiscítear sna meáin chlóite inniu go bhfuil an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí chun plé a dhéanamh ar dheireadh a chur le rianú teagmhálacha i measc an phobail ar an 22 Deireadh Fómhair. Is ar an lá sin a dhéanfar maolú ar roinnt mhaith srianta sláinte Covid-19.

Dúirt an tOllamh Imdhíoneolaíochta ó Choláiste na Tríonóide, Kingston Mills inniu go gcuirfeadh sé ionadh air dá ndéanfadh NPHET cinneadh deireadh a chur le rianadh teagmhálacha.

Tá imní léirithe ag saineolaithe eile freisin.

Dúirt an tOllamh Rónán Collins, Geiriatraí Comhairleach in Ospidéal na hOllscoile Tamhlacht le Nuacht inniu go mb'fhéidir go bhfuil sé róluath fós an t-athrú seo a dhéanamh.

"Cinnte, tá laghdú ar na líon na gcásanna Covid 19, ach fós féin feiceann muid go leor daoine breoite sna h-ospidéil le Covid-19, go háirithe i measc daoine nach bhfuil vacsaínithe. Ó mo thaithí féin, tá go leor daoine ó thíortha eile - ó iarthar na hEorpa go háirithe - nach bhfuil muinín acu as an gclár vacsaínithe. Mar sin, tá siad fós i mbaol. Creidim go bhfuil tábhacht ag baint le rianú teagmhálacha is measc grúpaí áirithe."

Dúirt an tOllamh Anthony O'Connor, Dochtúir Comhairleach le Gaistreintreolaíocht san ospidéal céanna, le Nuacht go bhfuil intinn oscailte aige i leith na ceiste seo. "Ach", a dúirt sé, "is gá súil a choimeád i gcónaí ar líon na gcásanna agus rianú teagmhálacha a thabhairt ar ais láithreach má thagann méadú ar líon na gcásanna."

Ón Luan, cuirfear deireadh le rianú teagmhálacha mar ghnáthamh i measc leanaí scoile. Ní bheidh ar leanaí atá ina ngartheagmhálacha - ach nach bhfuil comharthaí sóirt orthu - fanacht amach ó dhaoine ach oiread.

Tá an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí chun scrúdú a dhéanamh ar an dtionchar a bheidh ag deireadh rianú teagmhálacha ar scoileanna sula ndéanfar aon chinneadh maidir leis an bpobal níos leithne.