Tá deireadh le cur láithreach leis an chóras Coraintín Éigeantach Óstáin, a d'fhógair an tAire Sláinte Stephen Donnelly inniu.

Tá na tíortha uilig a bhí ar liosta na Státaí ainmnithe bainte den liosta sin. Scaoilfear saor láithreach an 50 duine atá ag cur tréimhse coraintín isteach in óstáin faoi láthair.

Bhí an Rialtas ag cur deireadh leis an chóras de réir a chéile agus ní raibh fágtha ar an liosta ach sé thír, iad uilig i Meiriceá Theas.

Is ar chomhairle ón Phríomhoifigeach Leighis an Dr Tony Holohan a rinneadh an cinneadh deireadh a chur leis an riachtanas coraintín.

Cuireadh an córas i bhfeidhm i ndeireadh an Mhárta le stop a chur le scaipeadh an Choróinvíris.

Bhí an córas criogtha le deacrachtaí i dús aimsire agus daoine ag éalú as na h-óstáin, chomh maith le daoine a tháinig isteach sa stát le freastal ar chruachás sláinte nó báis ag déanamh achomhairc sna cúirteanna in éadan a gcoinneála.

Ó tháinig ann don chlár vacsainíthe agus ó bronnadh díolúine i gcás daoine a bhí ag taisteal le cóir leighis a fháil, tháinig laghdú mór ar an líon daoine a chaithfeadh coraintín a dhéanamh.