Eagraíodh sraith agóidí ar fud na hÉireann inniu in éadan na bpleananna atá ag Rialtas na Breataine plé le tréimhse na dTrioblóidí.

Is ag na Cúirteanna Breithiúnais i mBéal Feirste a bhí an agóid is mó, ach bhailigh sluaite i nDoire, i gCrois Mhic Lionnáin, i Muineachán, sa Chabhán, i nDún Dealgan agus i gCorcaigh chomh maith.

I mí Iúil d'fhógair Státrúnaí an Tuaiscirt Brandon Lewis go dtabharfaí feidhm do reacht na dtréimhsí i gcásanna a bhaineann leis na Trioblóidí suas go dtí an bhliain 1998 nuair a síníodh Caomhaontú Aoine an Chéasta. Chiallódh sin go gcuirfí deireadh le cúiseanna coiriúla atá á dtionscan in éadan iarbhaill de fhórsaí míleata na Breataine agus in éadan iarbhaill de ghrúpaí paraimíleata.

Dúirt Príomhaire na Breataine Boris Johnson go gciallódh an beart seo go mbeadh an pobal i dTuaisceart Éireann ábalta na Trioblóidí "a chur taobh thiar dóibh" agus go gcuirfí deireadh le ionchoisní stairiúla agus le caingne dlí a bhaineann leis an tréimhse chorrach sin.

Tá an plean cáinte go géar ag na príomh pháirtithe uilig sa Tuaisceart agus ag Rialtas na hÉireann, chomh maith le grúpaí íospartach agus marthanóirí.

Dúirt an feachtas 'Time for Truth' gur iarracht atá sa phlean ag an Bhreatain "a cuid coireanna cogaidh in Éirinn a chur i bhfolach agus coirpigh cogaidh a chosaint."

Dúirt urlabhraí an ghrúpa Ciarán Mac Airt gur moltaí "cealgacha agus fealltacha iad a chuirfeadh náire ar réimeas deachtóireachta Pinochet féin."

Bhí Kathleen Irvine, máthair mhór Chiaráin Mhic Airt, ar dhuine de chúigear déag a maraíodh nuair a rinne buíon dílseoirí buamáil ar thábhairne McGurk i dtuaisceart Bhéal Feirste i 1971. Gortaíodh a sheanathair John go dona san ionsaí.

Dúirt Ciarán Mac Airt ag an agóid i mBéal Feirste inniu: "Sula raibh ár gcuid daoine muinteartha curtha san uaigh againne, bhí an fhírinne curtha sa talamh ag Stát na Breataine."

"Ón uair a phléasc an buama, tá ár dteaghlaigh ag streachailt ag iarraidh theacht ar ghiotaí agus ar bhlúirí den fhírinne agus den cheart." Dúirt sé nach bhfuil i ngrúpa teaghlaigh McGurk ach dornán beag i measc na mílte atá sa tóir ar an fhírinne le cúpla glúin anois.