Tá laghdú tagtha ar an líon daoine atá ag fáil cóir leighis san ospidéal ó Covid-19.

Bhí 282 othar a bhfuil an víreas orthu san ospidéal maidin inniu, sin 15 níos lú ná a bhí faoi chúram ag an am chéanna maidin inné.

Tá ardú beag áfach tagtha ar an líon othair Covid-19 atá in aonaid dianchúraim. Bhí 65 duine in aonaid dianchúraim ar a 11.30 inniu i gcomparáid le 61 ag an tráth chéanna inné.

Thug Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le fios inné go gcuirfear scéal an tseachtain seo chugainn chucu siúd a bhfuil a gcóras imdhíonachta lagaithe acu, maidir le coinne a fháil don triú dáileog den vacsaín.

Tosófar a chur scéala faoi choinne vacsaíne chuige daoine ón Chéadaoin amach agus is ar an Aoine a thosófar a thabhairt na tríú dáileoige sin.