Tá eitiltí isteach is amach as oiléan La Palma curtha ar ceal ó ghéaraigh an brúchtadh ó bholcán Cumbre Vieja thar oíche.

Phléasc an bolcán atá i ndeisceart La Palma, ceann de na hOileáin Chanáracha, tuilleadh ó thráthnóna inné.

Tá carnadh luaithrigh as an bholcán ag cur as d'fheidhmiú an aerfoirt agus cé go bhfuil tús curtha leis an obair ghlantacháin, deir Aena, gníomhaire aerfoirt na Spáinne, go bhféadfadh an scéal dul chun donais am ar bith.

Meastar go bhfuil an bolcán ag brúchtadh níos tréine anois ná bhí ó phléasc sé Dé Domhnaigh seo chuaigh thart. Tá na mílte tonna laibhe brúite amach as agus na céadta teach scriosta aige le sé lá.

B'éigean do 6,000 duine a dtithe cónaí a thréigean le h-éalú óna léirscrios. Deir na húdaráis nach mbeidh an 160 duine a theith as trí bhaile eile ar an oileán inné ábalta filleadh ar a dithe lena gcuid giúrléidí a bhailiú de bhrí go bhfuil an brúchtadh anois "i ré nua bolcánach."

Léiríonn tomhais a rinneadh ar an bholcán ó thosaigh an brúchtadh gur tráthnóna Dé hAoine a tharla an ghíomhaíocht is mó fuinnimh, a dúirt seirbhísí éigeandála La Palma aréir.