Tá fiosrúchán ar siúl maidir leis an eachtra a tharla inné ar an trá ar Cheann an Chairn i Loch Garman nuair a tuirlingíodh eitleán beag de thuairt.

Bhí ceathrar ar an eitleán, beirt fhear agus beirt bhan. Gortaíodh iad ach níl siad i mbaol báis. Tharla an eachtra tráthnóna inné thart ar 5:10pm.

Chuir foireann ón Aonad Imscrúdaithe ar Aerthimpistí tús le fiosrúchán ar an láthair aréir.

Dúirt ceannaire an aonaid sin, Jurgen Whyte, nach bhfuil a fhios acu go fóill céard a ba chúis leis an eachtra. Tá siad ag fiosrú arbh amhlaidh go raibh locht ar cheann amháin de na hinnill

Tuigtear go raibh na daoine a bhí ar bord ag glacadh páirte i dtaighde fiadhúlra amach ó chósta Loch Garman.