Tá sé ráite ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go gcuirfear tús an tseachtain seo chugainn leis an tríú dáileog den vacsaín i gcoinne Covid 19 a thabhairt do dhaoine a bhfuil córas imdhíonachta lag acu.

Cuirfear coinní chucu faoin gCéadaoin agus tósófar ag tabhairt na ndáileog dóibh faoin Aoine.

Thug Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Paul Reid, le fios inniu go ndéanfar teagmháil ar dtús leo siúd is mó a bheadh i mbaol ó Covid 19. Is iad oibrithe cliniciúla a dhéanamh na cinntí maidir leis an ord priarachta.

"Idir cúig agus sé seachtaine a ghlacfaidh sé chun an clár seo a chur i gcrích", a dúirt Paul Reid inniu. "Díreofar ar dtús ar na daoine is leochaillí."

Thug sé le fios gur proiséas casta a bheadh ann na daoine is leochaillí a aithint. Clúdófar daoine a bhfuil orgán faighte acu trí thrasphlandú, othair go bhfuil fadhbanna duán acu, daoine a bhfuil cineálacha áirithe ailse orthu agus daoine atá ag glacadh leighis ar leith.

I gcás daoine atá san ospidéal faoi láthair, gheobhaidh siad a vacsaín ansin, a dúirt Paul Reid.