Dheimhnigh an Roinn Sláinte tráthnóna gur taifeadadh 1,355 cás nua Covid-19 sa Stát ó inné.

286 duine le Covid-19 atá in ospidéil ar fud na tíre inniu, le hais 272 inné. Tá 59 acu in aonaid dianchúraim, sin ceathrar níos mó na inné.

Fógraíodh inniu chomh maith go bhfuil ochtar eile le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart agus go bhfuil 1,165 cás nua den ghalar ann.

Tá 2,525 duine le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart agus tá sé tolgtha ag 230,666 duine ó thús na paindéime.

Tá 383 othar le Covid-19 in ospidéil ó thuaidh, le hais 397 inné. Tá 31 acu in aonaid dianchúraim, sin triúr níos mó ná inné.