Tá mic léinn tríú leibhéal as gach cearn den tír ag slógadh taobh amuigh den Dáil agus iad ag iarraidh aird a tharraingt ar an nganntanas lóistín do scoláirí. Is measa a gcás anois ná riamh, a deir siad.

Tá an léirsiú á eagrú ag Aontas na Mac Léinn in Éirinn a mhaíonn nach bhfuil an dara rogha ag go leor scoláirí ach a gcúrsaí léinn a chaitheamh in aer mar nach bhfuil siad in ann teacht ar lóistín.

Tá sé i gceist ag cuid de na léirsitheoirí codladh taobh amuigh den Dáil anocht mar shamhailchomhartha ar an ngéarchéim.

Thug uachtarán Aontas na Mac Léinn Claire Austick le fios go bhfuil fearg ar mhic léinn mar go gcreideann siad nach bhfuil toradh ag an Rialtas ar a ngearán.

Ag labhairt di ar RTÉ, dúirt sí go bhfuil an scéal faoi iomrá le fada agus nach féidir an milleán faoin easpa dul chun cinn a leagan ar an bpaindéim Covid-19.

Ní fhéadfaidh mic léinn leanúint orthu ag stopadh in óstáin - mar atá faoi láthair - mar nach bhfuil na saoráidí cuí ar fáil sna háiteanna sin dóibh, a dúirt Claire Austick.

Tuilleadh áiteanna saintógtha do mhic léinn atá de dhíth, dar léi.