Tá fear gafa ag na póilíní sa Tuaisceart mar chuid dá bhfiosrúchán faoi dhúnmharú an iriseora Lyra McKee i nDoire in 2019.

Gabhadh an fear 55 bliain d'aois i gceantar Bhéal Feirste ar maidin, a dúradh.

Tá sé á choinneáil i stáisiún póilíní Musgrave i mBéal Feirste.

Inné, gabhadh beirt fhear 24 agus 29 bliain d'aois faoi dhúnmharú Lyra McKee a lámhachadh le linn círéibeacha i gceantar an Chreagáin i nDoire ar an 18 Aibreán 2019.

Mhaígh an grúpa ar a dtugtar an tIRA Nua gurb iad a mharaigh Lyra McKee, a bhí 29 bliain, ach gur de thaisme é.

Tá triúr fear as Doire cúisithe ina dúnmharú agus tá beirt eile cúisithe i gcionta a bhaineann leis na círéibeacha.