Tá comhad curtha faoi bhráid lucht ionchúiseamh poiblí sa Tuaisceart ag Ombudsman na bPóilíní maidir le dúnmharú triúr deartháireacha Caitliceacha i gCo Ard Mhacha sa bhliain 1976.

Lámhaigh dílseoirí an triúr deartháireacha - Brian, John agus Anthony Reavey - ina dteach cónaithe i gCorr Leacht sna Feá Uachtaracha i mí Eanáir 1976.

Tá an tOmbudsman ag iarraidh ar na hionchúisitheoirí an bhaint a d'fhéadfadh a bheith ag ball den RUC leis an sléacht a fhiosrú.

Is faoi na hionchúisitheoirí atá sé cinneadh an bhfuil dóthain fianaise ann leis an dlí a chur ar aon duine.

San áit ar caitheadh iad a bhásaigh beirt de na deartháireacha Reavey - Brian agus John a bhí 22 agus 24 bliain faoi seach. Cailleadh Anthony, a bhí seacht mbliana déag, san ospidéal trí seachtaine i ndiaidh an ionsaithe.

Cuireadh an oidhe i leith comhaltaí den UVF a bhí bunaithe i gceantar Ghleann Anna i gCo Ard Mhacha.

An lá céanna, mharaigh an bhuíon sin triúr de theaghlach O'Dowd in aice le hÁth Mhic Giolla, Co an Dúin.

An lá arna mhárach, lámhaigh agus mharaigh poblachtánaigh deichniúr Protastúnach i Muilte Ching, Co Ard Mhacha.