Maraíodh bean - coisí - os cionn 40 bliain d'aois nuair a bhuail leoraí í i gCo Chill Dara tráthnóna.

Tharla an tubaiste ar mhótarbhealach an M7 ó dheas idir Acomhal 12 Dhroichead Nua agus Acomhal 13 Chill Dara.

Tugadh an bhean chuig Ospidéal na hOllscoile, Tamhlacht, áit ar deimhníodh go raibh sí caillte.

Rinne na Gardaí scrúdú dlí-eolaíochta ar láthair na heachtra agus tá an chuid sin den mhótarbhealach oscailte arís ó shin.

Tá na Gardaí ag achainí ar dhaoine a bhfuil aon eolas acu ar ar tharla - go háirithe daoine a bhí ag tiomáint thar bráid ag an am - teacht chun cainte leo.