D'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna gur taifeadadh 1,432 cás nua Covid-19 sa Stát ó inné.

272 duine le Covid-19 atá in ospidéil ar fud na tíre inniu, i gcomórtas le 286 inné. Tá 63 acu in aonaid dianchúraim, mar a bhí inné.

Dúradh freisin gur tuairiscíodh 30 duine le Covid-19 a bheith básaithe le seachtain. Fágann sin go bhfuil 5,209 duine le Covid-19 básaithe sa Stát ó thús na paindéime.

Tugadh le fios inniu chomh maith go bhfuil ceathrar eile le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart agus go bhfuil 1,060 cás nua den ghalar ann.

Tá 2,517 duine le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart agus tá sé tolgtha ag 229,501 duine ó thús na paindéime.

Tá 397 othar le Covid-19 in ospidéil ó thuaidh, le hais 384 inné. Tá 34 acu in aonaid dianchúraim, sin beirt níos mó ná inné.