Bhí méadú ar an líon ráigeanna Covid-19 i scoileanna an tseachtain seo caite, de réir na bhfigiúrí is deireanaí ón Lárionad Faire um Chosaint Sláinte.

90 ráig agus 412 cás den ghalar a bhí i scoileanna i gcaitheamh na seachtaine seo caite. Sin ar ghualainn 40 ráig agus 191 cás an tseachtain roimhe sin.

I mbunscoileanna a bhí 78 den 90 ráig an tseachtain seo caite. Aon ráig déag a bhí in iar-bhunscoileanna agus ceann amháin i scoil oideachais speisialta.

Tuairiscítear freisin go raibh ráig amháin Covid-19 i gcoláiste tríú leibhéal agus go raibh seachtar tinn leis.

Is é is ráig ann beirt nó níos mó a bhfuil baint acu le chéile a bheith tinn.

Bhí méadú ar an líon ráigeanna sa Stát trí chéile an tseachtain seo caite chomh maith.

198 ráig a taifeadadh i gconchlann le 169 an tseachtain roimhe sin.