Tá sé tugtha le fios ag Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden nár mhian leis teorainn dhúnta a bheith in Éirinn arís.

Ag labhairt dó roimh chruinniú a bhí aige le Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson i Washington inné, dúirt an tUachtarán Biden le nuachtóirí go bhfuil tuairimí láidre aige faoi "na prótacail" a bhaineann leis an Tuaisceart, go háirithe ó chaith na Meiriceánaigh go leor ama agus dua leis an gceist.

Ina fhianaise sin, a dúirt sé, níor mhaith leis féin ná le polaiteoirí ón bPáirtí Poblachtach, dar leis, go n-athrófaí na comhaontuithe atá ann faoi láthair a mbeadh teorainn dhúnta in Éirinn mar thoradh air.

Mhaígh Boris Johnson go raibh sé féin agus an tUachtarán Biden ar aon intinn faoin gceist agus nár mhian le haon dream cur as do Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Tá Boris Johnson ag iarraidh margadh nua trádála a dhéanamh leis na Meiriceánaigh ach dealraíonn sé nár bhain sé bogadh as Joe Biden maidir leis an gceist sin.

Beidh cainteanna ag Boris Johnson le polaiteoirí sinsearacha i gComhdháil na Stát Aontaithe i Washington inniu.