Bhí sé ar intinn ag oifigigh ón Roinn Oideachais a rá le comhchoiste Oireachtais - dá dtiocfadh sé i gceist - go raibh sé róluath caint ar threochtaí maidir leis an ardú ar líon na ndaltaí iar-bhunscoile a fuair díolúine ón Ghaeilge.

Léiríonn figiúirí go raibh ardú 11% ar an líon daltaí le sainriachtanais oideachais a fuair díolúine ón Ghaeilge sa chéad bhliain den chóras nua.

I gcáipéis a fuair ag 7LÁ faoin Acht um Shaoráil Fáisnéise, léirítear go raibh feidhmeannaigh na Roinne ag súil le ceist faoi na díolúintí nuair a tháinig siad os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge le curaclam nua Gaeilge na hArdteistiméireachta a phlé ar an 16 Meitheamh i mbliana.

Fágann an t-ardú sa chéad bhliain den chóras nua díolúintí agus na trí bliana roimhe sin go bhfuil ardú 35% tagtha le ceithre bliana ar an líon daltaí iar-bhunscoile le sainriachtanais fhoghlama a fuair díolúine ó staidéar na Gaeilge.

Faoi chiorcláin nua na ndíolúintí a tugadh isteach i mí Mheán Fómhair 2019, ceadaíodh do phríomhoidí iar-bhunscoile díolúine a thabhairt do dhaltaí le scór caighdeánach sa deichiú peircintíl nó níos lú i dtrialacha léitheoireachta, léamhthuisceana nó litrithe.

Roimhe seo, bhí gá le teastas ó shíceolaí oideachais á dhearbhú go raibh deacracht foghlama ag dalta sa Ghaeilge mar ábhar scoile.

I ráiteas, dúirt an Roinn Oideachais go bhfuil siad "ag beartú athbhreithniú tosaigh ar an gcóras nua mar atá leagtha i Mír 8 de chiorclán 0052/2019 agus i Mír 7 de chiorclán 0053/2019" a tháinig i bhfeidhm i Meán Fómhair 2019.

Dúirt an Roinn go ndéanfar toradh an athbhreithnithe a mheas sula ndéanfar cinneadh ar aon athrú ar chiorcláin 0052/2019 agus 0053/2019.

Tá aisghairm na gciorclán a bhaineann le díolúine ó staidéar na Gaeilge á lorg ag an oideachasóir an tOllamh Pádraig Ó Duibhir.

Creideann an tOllamh Ó Duibhir nach bhfuil an córas nua ag teacht leis an taighde ar oideachas ionchuimsitheach agus ar na bealaí is éifeachtaí le freastal ar pháistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

Dúirt urlabhraí ó Chumann Náisiúnta na bPríomhoidí agus na LeasPhríomh-oidí, Dónal Ó Buachalla, go bhfuil siad "thar a bheith sásta obair leis an Roinn chun teacht ar réiteach ar an bhfadhb seo."

"Sa lá inniu, tá sé ait go bhfuil níos mó daoine ag fáil díolúine ón nGaeilge ná mar atá á fháil ag teangacha na Mór-roinne. Ceist mhór don earnáil ina hiomláine, cén fáth go bhfuil sin ag tarlú?" arsa an Buachallach.