Tá achainí nua déanta ag na Gardaí maidir le bás ógánaigh as Gaeltacht Ráth Chairn i gCo na Mí 25 bliain ós shin.

Leag gluaisteán Páraic Ó Cofaigh, ocht mbliana déag d'aois, agus é ar a bhealach abhaile ó chlub oíche i mBaile Átha Buí ag 3 a chlog ar maidin ar an 9 Meitheamh 1996.

D'fhág tiománaí an ghluaisteáin an láthair agus ní bhfuarthas amach riamh cé a bhí ann.

Bhí Páraic ag siúl an bhóthair idir Baile Átha Buí agus Dún Doire nuair a leagadh é. Tugadh chun an ospidéil é ach cailleadh é sular baineadh an áit amach.

Tá na Gardaí agus teaghlach Pháraic ag impí ar dhaoine a mbeadh eolas acu ar ar tharla teacht chun cinn.

Chaithfeadh sé go ndearnadh damáiste don ghluaisteán, a deir na Gardaí, agus tá siad ag iarraidh ar dhaoine cuimhneamh siar ar an am ar fhaitíos go mbeadh eolas ábhartha acu, fiú gan fhios dóibh féin.

Tá siad ag iarraidh go háirithe ar dhaoine a bhí óg ag an am agus a bhfuil clann orthu anois cuimhneamh ar an méid atá fulaingthe ag muintir Pháraic Uí Chofaigh.

Bheadh tuiscint ag na daoine seo anois, a deir na Gardaí, ar an gcaoi a ngabhfadh bás tragóideach duine óig i gcion ar a mhuinitr.