Tugadh iarimreoir le foireann rugbaí na hÉireann os comhair cúirte inniu agus é cúisithe i mbeagnach €600,000 a ghoid ó Bhanc na hÉireann.

Ghabh na Gardaí Brendan Mullin ar maidin agus thug siad é os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath, mar ar cuireadh ina leith gur ghoid sé €573,000 ó Bhanc na hÉireann idir na blianta 2011 and 2013.

Tá naoi gcion faoin Acht um Ghoid agus Chalaois curtha i leith Brendan Mullin atá 57 bliain d'aois agus a bhfuil seoladh aige ar Bhóthar Stigh Lorgan i mBaile Átha Cliath.

Feidhmeannach sinsearach i mBanc na hÉireann a bhí ann tráth.

Chomh maith le goid an airgid, tá sé cúisithe i mbeirt a mhealladh - Nicola Johnson agus Paul Gallagher - lena n-ainmneacha a chur le treoir íocaíochta d'fhonn brabach a dhéanamh dó féin nó arbh é caillteanas do dhuine eile a thoradh.

Tá Brendan Mullin cúisithe chomh maith i gcuntasaíocht bhréige.

Dúirt Garda sa chúirt nach ndúirt an cúisí aon ní nuair a cuireadh na cionta ina leith ar maidin.

Scaoileadh saor ar bannaí €10,000 é agus tiocfaidh sé os comhair cúirte arís ar an 11 Samhain.

D'imir Brendan Mullin 55 uair d'fhoireann rugbaí na hÉireann idir 1984 agus 1995.