Tá sé deimhnithe ag an Aire Fiontar, an Tánaiste Leo Varadkar, go mbeidh oibrithe in ann íocaíochtaí iomarcaíochta a éileamh arís ó dheireadh na míosa seo.

De réir rialacha éigeandála a tugadh isteach ag tús na paindéime Covid-19, ní féidir le daoine iarratas a dhéanamh ar iomarcaíocht má leagtar as obair go sealadach iad nó má chiorraítear a n-uaireanta oibre.

Tugadh an beartas seo isteach, a dúradh ag an am, le cuid den bhrú ar fhostóirí a scaoileadh agus le cinntiú nach ligfí fostaithe chun siúil go buan.

I leaba na hiomarcaíochta, cuireadh an Scéim Fóirdheontais Pá agus an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime ar fáil mar chúiteamh don dá dhream faoi seach.

I ráiteas ón Roinn Fiontar inniu, dúradh go mbeidh oibrithe a ligfear chun siúil ón 30 Meán Fómhair i dteideal íocaíochta iomarcaíochta suas le €1,860 ón Stát.

Creidtear go gcosnóidh an scéim áirithe seo idir €30 milliún agus €130 milliún as seo go ceann trí bliana.

Dúirt an tAire Varadkar nach féidir a mheas cé mhéad duine a leagfar as obair idir seo agus deireadh na bliana i bhfianaise ar fhógair sé inniu.