Tá curtha suas ag an iarAire Rialtais Katherine Zappone do chuireadh teacht i láthair an Chomhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Eachtracha agus Cosaint lena ceapachán mar thoscaire sna Náisiúin Aontaithe a phlé.

Tá Katherine Zappone ina cónaí sna Stáit Aontaithe agus ní féidir iallach a chur uirthi ceisteanna a fhreagairt ag éisteacht den choiste.

Cháin urlabhraí gnóthaí eachtracha Shinn Féin John Brady cinneadh Katherine Zappone gan teacht os comhair an choiste.

Dúirt an Brádach nach bhfuil Katherine Zappone ag comhlíonadh a cuid dualgas mar iarAire Rialtais deireadh a chur leis an gconspóid a bhaineann lena ceapachán.

Mhol Barry Cowen ó Fhianna Fáil iarraidh ar an iarAire freagraí ar roinnt ceisteanna atá fós gan réiteach a chur i scríbhinn chuig an gcoiste.

Baineann an scéal leis an gcumarsáid idir an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney agus Katherine Zappone faoin bpost sna Náisiúin Aontaithe.

Tháinig sé chun solais go raibh an tAire Coveney ag caint léi san earrach faoi i ngan fhios don chuid is mó den Rialtas sular ceapadh í ag deireadh Iúil.

Ar deireadh, níor ghlac Katherine Zappone leis an bpost i bhfianaise na conspóide.