D'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna gur taifeadadh 1,154 cás nua Covid-19 sa Stát ó inné.

297 othar le Covid-19 atá in ospidéil ar fud na tíre, ar ghualainn 278 inné. Tá 63 acu in aonaid dianchúraim, mar a bhí inné.

Tugadh le fios inniu chomh maith go bhfuil cúigear eile le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart agus go bhfuil 1,020 cás nua den ghalar ann.

Tá 2,509 duine le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart agus tá sé tolgtha ag 227,296 duine ó thús na paindéime san earrach anuraidh.

Tá 379 othar le Covid-19 in ospidéil ó thuaidh, i gconchlann le 419 Dé hAoine seo caite. Tá 33 acu in aonaid dianchúraim, cúigear níos lú ná Dé hAoine.

Bhí LeasChéad-Aire an Tuaiscirt Michelle O'Neill ar ais ag obair inniu den chéad uair ó tholg sí Covid-19 trí seachtaine ó shin.

Dúirt sí nach raibh raibh sea ná seoladh inti i gcaitheamh an achair sin agus gurbh é an poc tinnis ba mheasa a bhí uirthi riamh.

Tá sí an-bhuíoch, a dúirt sí, go raibh an dá dháileog den vacsaín faighte aici roimhe sin.