Tá cinneadh an Stáit achomharc a dhéanamh in aghaidh bhreith na hArd-Chúirte i gcás a bhaineann le leagan Gaeilge de reachtaíocht pleanála cáinte go láidir ag Conradh na Gaeilge.

I ráiteas, deir an Conradh go léiríonn cinneadh na Roinne Tithíochta go bhfuil "naimhdeas follasach sa Státchóras maidir le cearta teanga."

Baineann an scéal le rialú an Breithimh Onóraigh Uí Anluain san Ard-Chúirt i mí na Bealtaine seo caite go raibh dualgas ar an Stát leagan Gaeilge a chur ar fáil d’ionstraimí reachtúla áirithe a bhí de dhíth ar Shiobhán Denvir-Bairéad, Gleann Mór Céibh Teoranta agus Gleann Mór Cuan Teoranta i gcás a bhí á thabhairt acu in aghaidh Uisce Éireann maidir le forbairt ar an gCeathrú Rua i gConamara.

Dúirt an Breitheamh Uí Anluain ag an am go bhfuil "daoine sa tír seo, go háirithe muintir na Gaeltachta, nó [iad] siúd nach bhfuil ina gcónaí sa Ghaeltacht, ach atá ag maireachtáil trí Ghaeilge, a bhíonn ag iarraidh an teanga a úsáid gach uile lá.

"Tá cearta bunreachtúla acu é sin a dhéanamh agus tá dualgas bunreachtúil ar an Stát éascaíocht a dhéanamh ionas go mbeadh saoránaigh in ann an Ghaeilge a úsáid ar comhchéim leis an Bhéarla."

Ag trácht dó ar chinneadh na Roinne Tithíochta, dúirt an Dr Niall Comer, uachtarán Chonradh na Gaeilge, gur "bocht an scéal é go bhfuil an córas Stáit in úsáid chun cur in aghaidh cearta teanga seachas seasamh le pobal labhartha na Gaeilge.

"Tá sé soiléir go bhfuil difríocht shuntasach anois idir reitric oifigiúil an Stáit, mar atá léirithe i Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge, agus fíorpholasaí an Státchórais i leith na Gaeilge."

D'iarr Peadar Mac Fhlannchadha, leas-ardrúnaí agus bainisteoir abhcóideachta Chonradh na Gaeilge, ar an Taoiseach Micheál Martin agus ar an Aire Tithíochta Darragh O’Brien eadráin a dhéanamh sa scéal láithreach le "cinntiú go dtarraingeofar siar an t-achomharc atá déanta ag an Roinn Tithíochta."