Maraíodh bean os cionn an leathchéid agus gortaíodh triúr eile mar gheall ar thionóisc bhóthair i gCo Mhuineacháin go moch ar maidin.

Bhí an ceathrar i ngluaisteain a d'imigh den bhóthar i gCluain Eois ag thart ar 5 a chlog ar maidin.

Paisinéir sa charr a bhí sa bhean a cailleadh.

Tugadh beirt fhear os cionn 20 bliain d'aois agus bean os cionn 30 bliain chuig Ospidéal Ginearálta an Chabháin, mar a ndeirtear nach bhfuil siad i nguais bháis.

Tá na Gardaí ag achainí ar dhaoine a bhfuil aon eolas acu ar ar tharla teacht chun cainte leo.