Mar chuid den cheiliúradh náisiúnta ar Oíche Chultúir i mbliana beidh Ealaín na Gaeltachta ag tacú le os cionn 30 imeacht ilghnéitheach ar fud na Gaeltachta.

Beidh ócáidí ceoil, damhsa, scannánaíochta agus litríochta ar siúl ar líne agus in ionaid ar fud na Gaeltachta.

Sa Díseart sa Daingean, Co Chiarraí, beidh an scríbhneoir cónaithe Colm Mac Gearailt agus a chairde Eoin P Ó Murchú, Fionn Ó Neill agus Mattie Barker ag cur na filíochta béil i láthair an phobail.

Beidh Gréasán Ban Dhún na nGall ag ceiliúradh chruthaitheacht na mbéithe ag taispeántas ealaíne gainimh, agus beidh scannán á dhéanamh ag an ealaíontóir Maria Coleman mar chuid den togra céanna.

In Inis Oírr, beidh leagan úrnua den amhrán tíre traidisiúnta Óró, 'sé do bheatha abhaile á sheoladh ag an amhránaí iomráiteach Lasairfhíona Ní Chonaola.

Is é Ruairí Ó Donnabháin, damhsóir atá ag cur faoi ar Chléire, ambasadóir na Gaeltachta d’Oíche Chultúir 2021 agus tá sé ag tnúth leis an oíche anocht:

"Táim ag súil go mór le cuireadh a thabhairt don rinceoir Siobhán Ní Dhuinnín, an Rinceoir Cónaitheach san Ionad Cultúrtha i mBaile Bhuirne, teacht amach chun obair liom ar Chléire chun an nasc idir na ceantair Ghaeltachta i gCorcaigh a láidriú."

Dúirt Micheál Ó Fearraigh, Feidhmeannach Forbartha Ealaíon Údarás na Gaeltachta, go dtugtar "léargas bríomhar agus ar leith go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta ar shainiúlacht na Gaeltachta" trí shaibhreas cultúir na Gaeltachta a cheiliúradh.

Beidh clár speisialta teilfíse dar teideal Oíche Chultúir sa Ghaeltacht ar siúl ar TG4 ag 8.30 anocht.