Tá sé tugtha le fios ag Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins go bhfuil deacracht aige le teideal seirbhíse comórtha a bheas ar siúl in Ard Mhacha an mhí seo chugainn agus go mbeadh sé míchuí aige freastal ar an ócáid dá bharr sin.

Is le "críochdheighilt na hÉireann agus bunú stát an Tuaiscirt céad bliain ó shin a chomóradh" atá an tseirbhís á cur ar bun.

Dúirt an tUachtarán Higgins nach "ráiteas neodrach ó thaobh na polaitíochta de" an teideal seo.

Tá caint tarraingthe le cúpla lá ag cinneadh an Uachtaráin cur suas do chuireadh freastal ar an ócáid.

Ag labhairt dó le nuachtóirí sa Róimh ar maidin, sular thug sé cuairt ar an bPápa Proinsias sa Vatacáin, dúirt an tUachtarán gur cuireadh chuig seirbhís eaglasta a bhí ann ar dtús ach go raibh an ócáid iompaithe ina ráiteas polaitiúil ó shin.

Ghearáin sé freisin gur tugadh "Uachtarán Phoblacht na hÉireann" air sa chuireadh seachas Uachtarán na hÉireann, a theideal ceart.

Mar sin féin, ghuigh sé gach rath ar an tseirbhís in Ard Mhacha agus dúirt sé nach raibh gonc á thabhairt aige d'aon duine, ar tagairt é is cosúil do Bhanríon Eilís Shasana a bheas i láthair ag an ócáid.

Beidh príomháidh Caitliceach na hÉireann, an tArdeaspag Éamon Martin, agus ceannairí na n-eaglaisí Críostaí eile i láthair ag an tseirbhís chomh maith.

An tArdeaspag Éamon Martin

Dúirt an tArdeaspag Martin tráthnóna gur tháinig cinneadh an Uachtaráin gan dul chuig an ócáid aniar aduaidh air. Mhaígh sé freisin nach raibh an tseirbhís iompaithe ina hócáid pholaitiúil ag na ceannairí eaglasta.

Níos túisce, dúirt urlabhraí an Uachtaráin Higgins gur chinn Michael D Higgins tamall maith ó shin gan dul chuig an tseirbhís chomórtha agus nach raibh rún aige dul siar ar a chinneadh.

Ag labhairt dó ar RTÉ, áfach, dúirt ball Caitliceach de Pháirtí Aontachtach Uladh i mBéal Feirste cé go bhfuil bá aige le seasamh an Uachtaráin nach nglacann sé le "léamh náisiúnaithe" ar ócáidí a dhéanann comóradh ar an gcríochdheighilt.

Beidh Stephen McCarthy ina iarrthóir ag Páirtí Aontachtach Uladh sa chéad toghchán comhthionóil eile ó thuaidh.

Tógadh é i gceantar San Séamas in iarthar Bhéal Feirste agus lámhaigh agus mharaigh an UVF a sheanathair i 1991.