Tá sé dearbhaithe ag an Rialtas nár chomhairligh siad don Uachtarán Michael D Higgins cur suas do chuireadh freastal ar sheirbhís speisialta in Ard Mhacha le críochdheighilt na hÉireann agus bunú stát an Tuaiscirt céad bliain ó shin a chomóradh.

Dúirt an Rialtas bhfuil cosc bunreachtúil orthu comhairle den chineál sin a chur ar an Uachtarán.

I ráiteas inné, dúirt urlabhraí an Uachtaráin nach bhféadfadh Michael D Higgins freastal ar an tseirbhís a bheas ar siúl an mhí seo chugainn ach ní dúradh go baileach cén fáth.

Dúirt ceannaire an DUP Jeffrey Donaldson gur céim ar gcúl ó thaobh an athmhuintearais de cinneadh an Uachtaráin agus d'iarr sé air a mhachnamh a dhéanamh arís air.

Beidh Banríon Eilís Shasana, príomháidh Caitliceach na hÉireann, an tArdeaspag Éamon Martin agus ceannairí na n-eaglaisí Críostaí eile i láthair ag an tseirbhís.