D'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna gur taifeadadh 1,413 cás nua Covid-19 sa Stát ó inné.

290 othar le Covid-19 atá in ospidéil ar fud na tíre, ar ghualainn 292 inné. Tá 67 acu in aonaid dianchúraim, sin beirt níos mó ná inné.

Dearbhaíodh inniu chomh maith go bhfuil cúigear eile le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart agus go bhfuil 1,071 cás nua den ghalar ann.

Tá 2,483 duine le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart agus tá sé tolgtha ag 223,076 duine ó thús na paindéime.

Tá 426 othar le Covid-19 in ospidéil ó thuaidh, i gconchlann le 441 inné. Tá 38 acu in aonaid dianchúraim, sin beirt níos mó ná inné.