Níl an vacsaín faighte ag dhá thrian d'othair le Covid-19 atá in aonaid dianchúraim in ospidéil na tíre, a dúirt urlabhraí ó chumann ionadaíoch na ndochtúirí dianchúraim.

Dúirt an Dr Alan Gaffney, dochtúir comhairleach in Ospidéal Beaumont i mBaile Átha Cliath, gur idir naoi mbliana déag d'aois agus cheithre scór atá na hothair in aonaid dianchúraim faoi láthair.

Thug sé le fios go bhfuil cúigear ban atá ag súil le leanbh i measc na ndaoine sin.

Tá duainéis bhreise ag baint le cúram a dhéanamh d'othair atá ag iompar clainne, a dúirt an Dr Gaffney, agus tá foireann bhreise leighis ag teastáil lena n-aghaidh freisin.

Ar maidin inniu, bhí 290 othar Covid-19 in ospidéil na tíre, beirt níos lú ná an t-am céanna inné. Bhí 67 acu in aonaid dianchúraim, beirt níos mó ná inné.

Tuar dóchais, a dúirt an Príomhoifigeach Leighis an Dr Tony Holohan, go bhfuil an líon othar sna hospidéal ag titim i gcónaí agus go bhfuil an líon daoine atá ag fáil bháis leis an ngalar sa tír seo réasúnta íseal.