Tá diúltaithe ag an Ard-Chúirt don chás a thug Teachta Dála an Chomhaontais Ghlais Patrick Costello maidir leis an gComhaontú Cuimsitheach um Thrádáil Eacnamaíochta idir an tAontas Eorpach agus Ceanada a cheangal sa tír seo.

Bhí sé á mhaíomh ag Patrick Costello go raibh roinnt gnéithe den chonradh idirnáisiúnta seo míbhunreachtúil.

Rialaigh an Ard-Chúirt, áfach, nach raibh sé sin cruthaithe aige.

Bhí Patrick Costello ag iarraidh ar an Rialtas reifreann maidir leis an gcomhaontú a ghairm.

Dar leis go bhféadfadh an comhaontú baint de chumhachtaí polaiteoirí in Éirinn rialúcháin a thabhairt isteach ar a gconláin féin, go háirithe i dtaca leis an gcomhshaol de.

De réir an chomhaontaithe, a dúirt sé, is é an Stát a bheas faoi dhliteantas más de thoradh rialúchán sa tír seo a chailleann infheisteoirí as Ceanada airgead nó sócmhainní eile.

Más amhlaidh a bheas, a dúirt an Coistealach, beidh drogall ar pholaiteoirí Éireannacha aon rialúcháin a thabhairt isteach feasta choíche.

Tharraing sé aird chomh maith ar fhorálacha an chonartha faoinar féidir, a dúirt sé, cumhachtaí breithiúnacha an Stáit a thabhairt ar láimh do bhinsí idirghabhála má bhíonn easaontas idir infheisteoirí agus an Stát.

Rialaigh an Breitheamh Nuala Butler, ámh, nach féidir a rá go mbeidh flaitheas an Stáit á aistriú go míbhunreachtúil [go dream eile] nuair a bhunófar na binsí idirghabhála seo.

Dúirt sí nach mbeidh cead ag na binsí idirghabhála aon dlí de chuid an Stáit seo a chur ar neamhní.

Rialaigh an Breitheamh Butler chomh maith go bhfuil an comhaontú bunreachtúil agus nach gá reifreann a ghairm.

Shínigh an tAontas Eorpach agus Ceanada an Comhaontú Cuimsitheach um Thrádáil Eacnamaíochta sa Bhruiséil ar an 30 Deireadh Fómhair 2016.

Teachta Dála do Bhaile Átha Cliath Theas-Lár is ea Patrick Costello.