Mhaígh an Teachta Dála ó Fhine Gael Colm Brophy gur bhain Matt Carthy ó Shinn Féin mí-úsáid as pribhléid Dála nuair a rinne sé líomhain faoin Aire Simon Harris le linn díospóireachta sa Dáil inné.

Dúirt an Fine Gaelach go raibh an líomhain "uafásach" agus "nach raibh sé fíor."

Chuir Matt Carthy i leith an Aire Harris gur scil sé eolas leis na meáin maidir leis an gconspóid faoin iarAire Rialtais Katherine Zappone.

Ar maidin, dúirt urlabhraí an Aire Harris nach raibh aon fhírinne sa líomhain agus gur ríléir gur bhain an Sinn Féineach mí-úsáid as pribhléid Dála.

Dúirt Simon Harris é féin tráthnóna go bhfuil se ag cuimhneamh ar ghearán oifigiúil a dhéanamh faoi iompar Matt Carthy.

Dar le Colm Brophy go raibh iompar Shinn Féin sa chás seo "chóir a bheith scanrúil" agus dúirt go raibh a léithéid déanta ag an bpáirtí sin cheana.

Mhaígh sé gur iarracht aird a tharraingt ar rún mímhuiníne Shinn Féin san Aire Simon Coveney a bhí i gcaint an Charthaigh sa Dáil.

Níor ritheadh an rún mímhuiníne a bhain leis an gconspóid faoin bpost sna Náisiúin Aontaithe a bhí beartaithe ag Simon Coveney do Katherine Zappone.

Vótáil 92 Teachta Dála ina aghaidh agus 59 ina fhabhar.