Dúirt oifigeach sinsearach sa Gharda Síochána gur pionós suntasach atá i gcomhréir leis an dochar a rinneadh do pháistí is ea an téarma fada príosúin a gearradh sna Stáit Aontaithe inné ar fhear as Baile Átha Cliath faoi mhí-úsáid leanaí ar líne.

Gearradh téarma príosúin 27 bliain ar Eric Eoin Marques, atá 36 bliain d'aois, as íomhánnna de mhí-úsáid leanaí a chur ar fáil ar líne.

Dúradh cheana faoi Eric Eoin Marques gurbh é an té ba mhó ar domhan a chuir a leithéid ar fáil.

Phléadáil sé ciontach i gcomhcheilg a bheith ar bun aige na híomhánnna a chur ar fáil ar sheirbhís óstála gréasáin rúnda.

Dúirt an Breitheamh Theodore Chuang sa chúirt i Maryland gur coir fíorghránna a bhí ann agus go raibh Eric Eoin Marques chomh holc le barún drugaí.

Ag labhairt dó ar RTÉ, thug an tArd-cheannfort Declan Daly le fios go raibh baint shuntasach ag na Gardaí leis an bhfiosrúchán coiriúil ón tús agus go raibh an fhianaise a bhailigh siad ar cheann de bhunchlocha an cháis in aghaidh Eric Eoin Marques.

Dúirt sé go bhfágann daoine a ghlacann páirt i mí-úsáid leanaí ar líne, go bhfágann siad lorg digiteach a fhéadfar a rianú siar agus go bhfuil na Gardaí meáite ar choinneáil le sála na ndaoine sin.

Tugadh le fios sa chúirt inné chomh maith go bhfuil rún ag Eric Eoin Marques filleadh ar Éirinn nuair a bheas a théarma príosúin caite.