D'achainigh na Gardaí a bhfuil dúnmharú linbh i gCo Chiarraí 37 bliain ó shin á fhiosrú acu, d'achainigh siad arís ar mháthair an linbh teagmháil a dhéanamh leo.

Fuarthas corp an bhuachalla nuabheirthe ar an Trá Bhán i gCathair Saidhbhín ar an 14 Aibreán 1984.

Ní raibh an naíonán ar an saol ach ar feadh cúig lá agus dheimhnigh scrúdú iarbháis gur sádh é roinnt uaireanta.

Dí-adhlacadh taisí an linbh ar maidin inné mar chuid d'fhiosrúchán leanúnach na nGardaí faoina mharú.

Rinneadh scrúdú ar na taisí in Ospidéal na hOllscoile, Ciarraí agus athadhlacadh an leanbh tráthnóna inné.

Ag labhairt dó ar stáisiún raidió áitiúil i gCiarraí inniu, dúirt an Ceannfort Flor Murphy go bhfuil na Gardaí meáite ar an gcás a réiteach ainneoin na mblianta fada a bheith caite ó maraíodh an buachaillín.

Creideann sé, a dúirt sé, gur ag an máthair atá an t-eolas cinniúnach a d'fhuasclódh an cás.

Dúirt sé cé go raibh go leor fulaingthe ag an mbean go gcaithfeadh na Gardaí léi go trócaireach agus go tuisceanach dá dtiocfadh sí chun cainte leo.

Ghabh an Stát leithscéal anuraidh le bean as Co Chiarraí - Joanna Hayes - a cúisíodh san éagóir faoin leanbh a mharú.