Ní mór dlús a chur le vacsaíniú an domhain in aghaidh Covid-19 féachaint le paindéim a sheachaint i measc daoine nach bhfuil an vacsaín faighte acu, dar le huachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen.

In óráid a thug sí i bParlaimint na hEorpa i Strasbourg, d'fhógair Ursula von der Leyen go raibh an tAontas Eorpach le 200 milliún dáileog den vacsaín a bhronnadh ar thíortha eile faoi lár na bliana seo chugainn.

Cé go bhfuil 70% de dhaoine fásta san Aontas vacsaínithe faoi seo, thug Ursula von der Leyen le fios go bhfuil imní uirthi faoi neamhionannas na rátaí vacsaínithe sna ballstáit éagsúla.

Mhaígh sí go mbeidh an geilleagar ar ais mar a bhí roimh an bpaindéim i naoi gcinn déag de na ballstáit i mbliana. Beidh na hocht mballstát eile ar a seanléim arís an bhliain seo chugainn, a dúirt sí.

D'fhógair Ursula von der Leyen freisin go mbunófar ciste infheistíochta €50 billiún i gcomhair plean nua paindéimí a bheas réitithe faoin mbliain 2027.