Tá ceathrar fear gafa ag na póilíní i nDoire mar chuid den fhiosrúchán faoi dhúnmharú an iriseora Lyra McKee sa chathair in 2019.

19, 20, 21 agus 33 bliain d'aois atá an ceathrar fear a gabhadh ar maidin.

Tá siad á gcoinneáil i stáisiún póilíní Musgrave i mBéal Feirste.

Lámhachadh agus maraíodh Lyra McKee le linn círéibeacha i gceantar an Chreagáin i nDoire ar an 18 Aibreán 2019.

Dúirt an grúpa ar a dtugtar an tIRA Nua gurb iad a mharaigh Lyra McKee, a bhí 29 bliain, ach gur de thaisme é.

Dúirt ceannfort na bpóilíní Jason Murphy gur de thoradh mionfhiosrúcháin a mhair dhá bhliain a gabhadh na fir ar maidin.

Mhaígh sé gur thacaigh an pobal áitiúil leis na póilíní agus dúnmharú Lyra McKee a fhiosrú acu agus ghabh sé buíochas le daoine as a gcuid tacaíochta agus foighne.

Tá fear as Doire - Paul McIntyre, 53 bliain - cúisithe cheana i ndúnmharú an iriseora.

Tá fear eile cúisithe i bpáirt a ghlacadh sna círéibeacha oíche an fhill agus i gcoireanna eile.