D'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna gur taifeadadh 1,181 cás nua Covid-19 sa Stát ó inné.

309 othar le Covid-19 atá in ospidéil ar fud na tíre. Tá 60 acu in aonaid dianchúraim, beirt níos mó ná inné.

Tuigtear go bhfuil an Príomhoifigeach Leighis an Dr Tony Holohan den bharúil go mb'fhéidir go gcaithfí cuid de na srianta Covid-19 a bhí i bhfeidhm cheana a thabhairt ar ais amach anseo, má thagann ardú as cuimse ar an líon cásanna den ghalar sa tír.

Tabharfaidh an Dr Holohan cuntas ar an bhfaisnéis ábhartha is deireanaí ag éisteacht de Chomhchoiste Sláinte an Oireachtais amárach.

Dearbhaíodh níos túisce inniu go bhfuil seachtar eile básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil 1,590 cás nua den ghalar ann.

Tá 2,468 duine le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart agus tá sé tolgtha ag 220,701 duine ó thús na paindéime.

Tá 441 othar le Covid-19 in ospidéil ó thuaidh, ar ghualainn 457 inné. Tá 41 acu in aonaid dianchúraim, mar a bhí inné.