Tá leithscéal gafa ag Ospidéal Naomh Lúcás i gCill Chainnigh faoi easnaimh sa chúram a rinneadh de bhean ansin agus í ag súil le leanbh.

Bhásaigh an leanbh Laurence Somers - mac Ghráinne Somers - i mí Eanáir 2018 cúig lá tar éis dó a bheith tugtha ar an saol trí ghearradh Caesarach.

Ag an gcoiste cróinéara inniu, ghabh an Dr Trevor Hayes leithscéal thar ceann an ospidéil cé nach raibh Gráinne Somers faoina chúramsa nuair a cailleadh an naí.

Murab ionann agus an uair a bhí Gráinne Somers ann, a dúirt sé, tá dochtúir comhairleach ginearálta i bhfeighil an aonaid mheasúnaithe chnáimhseachais in Ospidéal Naomh Lúcás anois.

Ag an gcoiste cróinéara inné, dúirt Gráinne Somers nach ndearna dochtúir sinsearach cúram di riamh nuair a bhí sí san ospidéal.