Níor cheart gairmint a bhaint as teanndáileoga den vacsaín Covid-19 mar sceach i mbéal bearna le deacrachtaí móra a cheilt agus sinn ag dul i ngleic leis an ngalar, dar le víreolaí sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Dúirt an Dr Gerald Barry go bhfuil an vacsaín ann leis an gcuid is mó de dhaoine a chosaint ar dhrochbhabhta tinnis seachas le daoine a dhíonadh go hiomlán ar Covid-19.

Ag labhairt dó ar RTÉ, mhaígh an Dr Barry go bhfuil éirithe leis an gclár vacsaínithe go dtí seo daoine a chosaint ar an gcuid is measa den ghalar.

Aontaíonn se go pointe áirithe, a dúirt sé, leis an bplean teanndáileoga a thabhairt do dhaoine os cionn 65 bliain atá ag cur fúthu in ionaid chúraim agus do dhaoine os cionn 80 bliain atá ina gcónaí i measc an phobail.

Dúirt an Dr Barry nach bhfuil dóthain faisnéise ann faoi láthair faoin gcaoi a dtéann teanndáileoga i gcion ar dhaoine i ngiorracht ná i bhfad aimsire.

Ar an drochuair, ámh, tá an Rialtas i dtaobh le vacsaíní [seachas modh oibre ilghnéitheach], a dúirt sé.

Má thugtar teanndáileoga amach, a dúirt sé, ní mór a chinntiú gur sainvacsaíní a bheas iontu a rachas i ngleic le hathraitheach amháin de na hathraithigh éagsúla atá sa timpeall.