Tá sé molta ag ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald rogha a thabhairt do dhaoine 65 bliain éirí as an obair nó leanacht orthu go ceann scaithimh eile.

Dar léi gur comhartha maith ar shochaí fhorásach agus shibhialta a bheadh ann an rogha sin a thabhairt do dhaoine.

Ag labhairt di ar RTÉ, dúirt Mary Lou McDonald go gcosnódh sé €127 milliún an beartas seo a chur i gcrích.

Molann Sinn Féin, a dúirt sí, ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh na bhfostóirí a mheádú 4% de réir a chéile chun íoc as.

Tá páirtí parlaiminte Shinn Féin ag teacht le chéile i mBaile Átha Cliath inniu lena straitéis don chéad téarma eile Dála a phlé.

Thug Mary Lou McDonald le fios go bhfuil sé riachtanach an deis a thabhairt do leithéidí oibrithe láimhe dul ar scor nuair atá siad 65 bliain d'aois agus pinsean Stáit a bheith ar fáil dóibh.

D'iarr sí ar an Rialtas tuarascáil an Choimisiúin um Pinsin a fhoilsiú le gur féidir an cheist a idirchamánú go poiblí.