Rinne ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre beag is fiú den vóta mímhuiníne san Aire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney, á rá nach tosaíocht é do mhuintir na hÉireann.

Ach, tabarfaidh an páirtí tacaíocht don vóta, mar nach bhfuil muinín acu as an Rialtas a dúirt sé freisin.

Ar éigean a tháinig aon duine chuige faoin gceist, duine nó beirt b'fhéidir, a dúírt sé.

Na tosaíochtaí is mó iad vacsaíní do ghrúpaí atá íogair, teanndáileoga, Sláintecare, tithíocht agus cúrsaí oideachais, a dúirt Alan Kelly.

Tá Teachtaí Dála agus Seanadóirí an pháirtí i mbun chruinniú in Áth Í, i gCill Dara, áit a bhfuil súil go mbuafaidh an Seanadóir Mark Wall suíochán Dála don pháírtí sa chéad olltoghchán eile.

Cor cinniúnach don pháirtí é suíochán a bhuachan san fhothoghcháin i gCuan Bhaile Átha Cliath Theas, agus údar misnigh do na baill é, a dúirt sé.

D'fhógair Alan Kelly roinnt athruithe ar bhinse tosaigh an pháirtí freisin.

Is í an TD is nua sa pháirtí Ivana Bacik urlabhraí an pháirtí ar an gComhshaol agus Aeráid, Páistí, Comhionannas, Éagumas, Imeascadh agus an Óige.

Duncan Smith as Baile Átha Cliath Fine Gall a bheidh i mbun Sláinte, Iompair agus Cumarsáide.

Dúírt Alan Kelly go raibh pobalbhreitheanna ag léíriú go bhfuil tacaíocht an pháirtí seasmhach anois, agus go raibh sé tráth níos ísle ná 5%, ach go raibh an páirtí á eagrú ar fud na tíre.

Dúirt Ivan Bacik, gur raibh aiféala uirthi go raibh sí i láthair ag ócáid Katherine Zappone in Ostán an Mherrion, ach go raibh leithcéal gafa aici ina leith sin.

Bhí sí ag iarraidh bogadh ar aghaidh ón gconspóid, a dúirt sí.