Deir An Tánaiste agus Ceannaire Fhine Gael Leo Varadkar gur féidir an chonspóid leanúnach faoi cheapúchán Katherine Zappone ina toscaire speisialta chuig na Náisiúin Aontaithe a leagan, i bpáirt, ar an gcaoi a láimhseáladh é.

É seo a thug muid chuig vóta mímhuiníne Shinn Féin san Aire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney, a dúirt se.

Dúirt Leo Varadkar go bhfuil díomá ar bhaill den pháírtí pairliminte agus gníomhaithe sa pháirtí nach raibh Fine Gael i mbarr 'a mhaitheasa, a chumais ná a ghéíre' sna seachtainí agus míonna seo caite.

Bheadh an cruinniú seo roimh an téarma nua Dála ina 'chruinniú maith' a dúirt sé, an chéad uair abheidh baill an pháirtí le chéile ó mhí Iúil 2019 chun 'atheagar agus a athshocrú' a dhéanamh.

Dúírt sé ar Morning Ireland ar RTÉ Radio One go dtiocfadh an páírtí as an gcruinniú smaointeoireachta seo agus iad aontaithe.

Bhí sé de dhualgas ar An Tánaiste ar an Aire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney ceapúchán Katherine Zappone a chur ar shúile an Taoisigh, agus tá leithscéal gafa aige leis an Taoiseach, a dúirt sé.

Ba cheart, a dúirt sé, comhrialtas bheith bunaithe ar dhá phrionsabal, an dea-intinn agus gan aon ní theacht gan choinne eatarthu.

Tá deá-intinn idir na trí pháirtí sa chomhrialtas, a dúirt sé, ach ba cheart go mbeadh sé feicthe aige roimhré gur cheist íogair pholaitiúil a bheadh i gceapúchán Katherine Zappone