Dúirt an Taoiseach Micheál Martin nach raibh ar bun ag Sinn Féin ach seanchleasaíocht pholaitiúíl de chuid an fhreasúra.

Bhí sé ag tagairt don mhéid atá á bheartú ag Sinn Féin i dtaca leis an rún mí-mhuiníne san Aire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney.

'Tá leithscéal gafa ag an Aire Coveney faoin gcaoi ar láimhseáil sé ceapachán Katherine Zappone mar thoscaire saoirse cainte de chuid na hÉireann ag na Náisiúin Aontaithe' a dúirt an Taoiseach.

Dúírt sé freisin go raibh an méid a bhí le rá faoi seo ráite ag an Aire Coveney le Coiste Oireachtais.

Ach dúirt an Teachta Dála le Sinn Féin, Matt Carthy áfach nach bhfuil an dara rogha ann ach rún mímhuiníne a chur san Aire Coveney.

Bhí an Taoiseach ag labhairt ar an gclár raidió de chuid RTÉ,Morning Ireland ar maidin.