Tá tús curtha ag na Gardaí le fiosrúchán coiriúil faoi bhás triúir ón teaghlach céanna a bhfuarthas a gcoirp ag teach in aice le Leic Snámha i dtuaisceart Chiarraí aréir.

Is amhlaidh a lámhachadh an triúr - fear, bean agus a mac.

Deir na Gardaí nach bhfuil siad sa tóir ar aon duine eile agus gur cás dúnmharaithe agus féinmharaithe atá ann.

Bhí an bhean 56 bliain d'aois agus 24 bliain a bhí a mac.

Fuarthas coirp na beirte sin sa teach i gCill Fhiachna roimh 9 a chlog aréir ach ní raibh aon radharc ar an bhfear.

Thángthas ar a chorp an fhir, a bhí 63 bliain, i ngarraí ar chúl an tí go gairid na dhiaidh sin. Fuarthas gunna in aice láimhe.

Rinne na Gardaí scrúduithe teicniúla ar an dá láthair inniu.

Rinne an Dr Margot Bolster ó Oifig an Phaiteolaí Stáit scrúduithe ar na coirp sular tugadh chuig Ospidéal Ollscoile Chiarraí iad, mar a ndéanfar scrúduithe iarbháis orthu.

Feirmeoir beag a bhí san fhear agus chaith sé seal mar thiománaí bus agus leoraí.

Bhí an mac ag obair do chonraitheoirí talmhaíochta i dtuaisceart Chiarraí.