Beidh cruinniú fíorúil inniu ag ceannairí thíortha an G7 leis an gcorraíl san Afganastáin a phlé.
Is iad na Stáit Aontaithe, an Bhreatain, an Iodáil, an Fhranic, an Ghearmáin, Ceanada agus an tSeapáin tíortha an G7.
Tá na Meiriceánaigh ag iarraidh deireadh a chur le haslonnú daoine ón tír seachtain ó inniu ach tá tíortha eile ag caint ar shíneadh a chur leis an spriocdháta sin.
Pléifidh na ceannairí freisin ar cheart aitheantas oifigiúil idirnáisiúnta a thabhairt do réimeas nua an Talaban san Afganastáin.
Beidh cúnamh an Talaban ag teastáil má táthar le leanacht le haslonnú daoine tar éis an 31 Lúnasa, agus tá caint ar an rialtas nua a bhréagadh agus gealltanas a thabhairt dóibh iad a aithint go hoifigiúil.
Tá sé ráite ag ceannaire cearta daonna na Náisiún Aontaithe Michelle Bachelet, ámh, go bhfuil imní uirthi faoin gcaoi a gcaithfidh an Talaban le mná san Afganastáin.
D'iarr sí ar an Talaban cloí lena ngealltanais gan mná agus cailíní agus mionlaigh sa tír a chur faoi chois.