Tá Tír Eoghain fós san iomaíocht i gCraobh Peile na hÉireann agus aghaidh le tabhairt ag foireann an chontae ar fhir Chiarraí sa chluiche leathcheannais Dé Sathairn seo chugainn.

Tá sceitimíní ar mhuintir an chontae ach is cinnte go gcuirfidh an ócáid tocht bróin freisin ar mhuintir Chormaic Mhic an Ailín.

Bhí Cormac ar dhuine den fhoireann a thug Corn Mhig Uidhir abhaile leo go dtí Tír Eoghain i mí Mheán Fómhair na bliana 2003.

Fuair sé bás tobann agus é ina chodladh ar an 2 Márta 2004, áfach, gan é ach 24 bliain d'aois.

Fabht ina chroí nach raibh a fhios aici tada faoi ba chúis lena bhás.

Cormac Mac an Ailín

Tá cosúlachtaí idir scéal Chormaic Mhic an Ailín agus scéal Sheaghain Uí Chearnaigh as Baile Átha Cliath.

Bhí an bheirt fhear ag obair mar mhúinteoirí meánscoile agus bhí siad beirt an-tugtha do Chumann Lúthchleas Gael.

Bhí an bheirt acu óg agus aclaí agus i mbláth a maitheasa agus ar an drochuair bhí éislinn thromchúiseach ag cur orthu i ngan fhios dóibh.

Scéalta éagsúla ar fad atá le hinsint fúthu ina dhiaidh sin, áfach.

Cailleadh Mac an Ailín ach tá Seaghan 41 bliain d'aois anois, tá sé pósta agus mac amháin aige, Ollie. Tá sé ar tí aghaidh a thabhairt ar dhúshlán nua ina shaol oibre agus post úr faighte aige.

"Bhíos 30 bliain d'aois nuair a bhí taom croí agam," a deir Seaghan.

"Tharla an eachtra seacht mbliana tar éis bhás Chormaic Mhic an Ailín.

"Creidim féin go bhfuilim fós i mo bheatha mar thoradh ar na hiarrachtaí móra a rinne tuismitheoirí Chormaic, Brendan agus Bridget, aird a tharraingt ar Shiondróm Bhás Tobann Daoine Fásta.

"De bharr a n-iarrachtaí siúd, tháinig ardú mór ar líon na ndífhibrileoirí a raibh fáil orthu in áiteanna poiblí agus de bharr go raibh mé in aice le dífhibrileoir nuair a stop mo chroí a thángthas i dtarrtháil orm."

Shiúil grúpa feachtais Slí Chill Mhantáin an deireadh seachtaine seo agus iad ag bailiú airgid ar son níos mó taighde a dhéanamh ar Shiondróm Bhás Tobann Daoine Fásta.

Lucht feachtais ag cnocadóireacht i gCill Mhantáin

Is scáth-théarma é Siondróm Bhás Tobann Daoine Fásta a mbaintear leas as le cur síos a dhéanamh ar na básanna seo ar fad, ach is cosúil go mbaineann a bhformhór le mírialtacht i rithim an chroí ar a dtugtar Siondróm QT Fhada.

Is ar Shiondróm QT Fhada a chaithfear níos mó taighde a dhéanamh, a deir na saineolaithe leighis.

Bhí taighde tábhachtach ar bun in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ach tháinig deireadh leis an maoiniú.

Tá an grúpa feachtais nua ag súil le hairgead a bhailiú le go dtabharfaí faoin taighde sin an athuair.

Tá an Dr Terence Prendiville ina chairdeolaí péidiatrach in Ospidéal Mhuire na Leanaí i mBaile Átha Cliath:

"Faigheann tuairim is 135 duine óg, faoi bhun 35 bliain d'aois, bás de bharr Shiondróm QT Fhada 'chuile bhliain," a deir sé.

"Caithfimid cur lenár dtuiscint faoin siondróm seo. Níl mórán eolais ar fáil faoi láthair faoi na cúiseanna atá leis.

"In a lán cásanna, is géin dúchais atá ann. Téann sé ó ghlúin go glúin.

"Tá trí chlinic speisialta againn atá dírithe ar an siondróm seo - i gCromghlinn, i dTamhlacht agus in Ospidéal an Mater [i mBaile Átha Cliath] agus tugann muid aire do na glúnta ar fad iontu."

Deir Seaghan Ó Cearnaigh nach cuimhin leis mórán faoin lá a stop a chroí:

"Ní bhfuair m'inchinn ocsaigin ar feadh ceithre noiméad. Bhí eagla ar na dochtúirí go ndéanfaí díobháil don inchinn, ach níor tharla sé sin."

Nuair a tháinig sé chuige féin, ba é bás Chormaic Mhic an Ailín an chéad rud a rith leis.

Scríobh sé litir chuig muintir Mhic an Ailín ag gabháil buíochais leo as aird an phobail a tharraingt ar an siondróm.

Bhuail Seaghan le Brendan agus Bridget McAnallen go gairid ina dhiaidh sin, cruinniú a raibh "go leor mothúchán ag baint leis," a deir sé.