Tá sé deimhnithe ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha go bhfuil triúr saoránach Éireannach eile tugtha amach as an Afganastáin.

Ní dúradh ar in éindí nó ina nduine is ina nduine a d'imigh an triúr as Aerfort Chabúl.

Seisear Éireannach atá tugtha amach as an Afganastáin go dtí seo ó tháinig an Talaban i réim arís, an t-oibrí carthanachta as Co na Mí Aoife MacManus ina measc.

Dúirt an Roinn go bhfuil 35 saoránach Éireannach agus a gcuid cleithiúnaithe fós ag fanacht leis an Afganastáin a fhágáil ach nach féidir aon mhioneolas a thabhairt fúthu ag an tráth seo.

Dheimhnigh an Roinn nach bhfuil aon taidleoirí Éireannacha san Afganastáin ach dúradh go bhfuil Ambasáid na hÉireann in Abú Daibí ag obair i gcomhar le ballstáit eile an Aontais Eorpaigh agus le taidhleoirí ó thíortha eile atá lonnaithe i gCabúl.

Dúirt an Roinn go bhfuil súil acu tuilleadh Éireannach a thabhairt amach as an tír as seo go ceann roinnt laethanta ach go bhfuil sé an-deacair dul isteach san aerfort i gCabúl.

Thug an Roinn le fios chomh maith go bhfuil líon beag saoránach Éireannach le fanacht san Afganastáin ainneoin na géarchéime ansin.

Is daoine iad seo, a dúradh, atá ag obair do na Náisiúin Aontaithe agus d'eagraíochtaí idirnáisiúnta eile.