Tá breis is 6 mhilliún vacsaín dáilithe anois sa stát.

Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE),Paul Reid a thug an méid sin le fios tráthnóna.

De réir na bhfigiúirí, tugadh amach an 6 mhilliúnú tomhas níos túisce ar maidin inniu.

'Is bródúil an lá é dúinn' a dúirt Paul Reid.

Mhínigh sé go raibh a gcéad tomhas nó tomhas amháin aonair faighte ag 3.3m duine, agus an dara tomhas faighte ag 2.8m duine.

Breis is 6m tomhas dáilithe anois sa stát, agus beidh deis ag an aoisghrúpa 12-15 ar an vacsaín ón 12 Lúnasa

Dúirt sé gur beag drogaill atá amuigh ansin i measc an phobail maidir le glacadh leis an vacsaín.

'Measann an HSE go ndáilfear 230,000 vacsaín an tseachtain seo, agus 200,000 eile an tseachtain seo chugainn' a dúirt sé freisin.

Beidh deis ag an aoisghrúpa idir 12-15 clárú don vacsaín ar an 12 Lúnasa, sin seachtain ó inniu a thug Paul Reid le fios.