Sa Phríomh Chúirt Choiriúil fuarthas fear 34 bliain d'aois ciontach i ndúnmharú a iar-pháirtí i gContae Chill Mhantáin breis is bliain go leith ó shin.

Ciontaíodh Daniel Murtagh i ndúnmharú Nadine Lott (30) ag a hárasán san Inbhear Mór i Nollaig 2019.

Phléadáil sé ciontach i ndúnorgain na mná, ach níor ghlac an giúiré leis sin.

Tar éis 5 uair a'chloig agus 46 nóiméad thar thréimhse 2 lá chinn siad go raibh an fear as Cluain Dolcáin i mBaile Átha Cliath ó dhúchas ciontach i ndúnmharú mar a bhí curtha ina leith ag an stát.

Gaolta agus cairde le Nadine Lott lasmuigh den chúirt inniu

Rinne an t-abhcóide sinsearach a bhí á chosaint,Brendan Grehan, cás ar a shon ag rá go raibh a chliaint ró-óltach agus as a mheabhair le drugaí le go mbeadh sé i gceist aige an bhean a dhúnmharú.

Batráileadh go dona Nadine Lott agus fágadh í gan aithne gan urlabhra i ndiaidh an ionsaithe a rinneadh uirthi ar an 14 Nollaig 2019.

Bhásaigh sí 3 lá ní ba dheireanaí san ospidéal.

Gearrfar príosún saoil ar Daniel Murtagh i mí Dheireadh Fómhair.